Cache of job #13939183

Job Title

Irish Language Planner - Waterford

Employer

Hartley People

Location

Waterford

Description

Oifigeach Pleanála Teanga – Port Láirge – Conradh 3 Bliana – Lánaimseartha. Waterford Gaeltacht-based community development organisation is seeking a Language Planning Officer to implement its Language Plan. Suitable position for an Irish speaker with an interest in community development issues and working through the Irish language. Tá deis iontach á tairiscint ag ár gcliaint, Comhlucht Forbartha na nDéise c.t.r ., an eagraíocht atá freagrach as an plean teanga do Limistéar Pleanála Teanga na nDéise a chur i bhfeidhm, chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú le bheith mar chuid dá fhoireann. Is ag an té a cheapfar a bheidh an phríomhfhreagracht na gníomhaíochtaí atá luaite sa phlean teanga a chur i bhfeidhm i limistéar Gaeltacht Phort Láirge.  Freagrachtaí: Cur i bhfeidhm an phlean teanga don Limistéar Pleanála Teanga (LPT) a stiúradh. Cabhrú leis na polasaithe, pleananna, gníomhaíochtaí agus tionscadail atá dírithe ar úsáid na Gaeilge a mhéadú sa LPT. Seirbhís tacaíochta a chur ar fáil do sprioc-ghrúpaí agus struchtúirí laistigh den LPT. Deiseanna nua ar mhaithe le méadú ar úsáid na Gaeilge laistigh den LPT a aithint agus a mholadh. Clár caiteachais agus buiséad a bhainistiú Foinsí maoinithe a aithint a d’fhéadfaí a úsáid chun gníomhaíochtaí an phlean teanga a chur i bhfeidhm. Tuairiscí rialta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an phlean teanga.   Riachtanais: Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa. Tuiscint agus taithí ar chúrsaí (pleanála) teanga, obair le daoine óga/óige agus le teaghlaigh agus plé le coistí/struchtúir phobail. Taithí i bhfeidhmiú agus i gcur i gcrích tograí Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta. Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais. Bheadh cáilíocht ábhartha tríú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar ina bhuntáiste, ach níl sé riachtanach. Lán-cheadúnas tiomána glan.   Chun a bheith curtha san áireamh láithreach, nó chun a thuilleadh eolais a fháil, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le Ciara ar 051-878813 nó r-phost ciaraphelan@hartleypeople.com , nó má tá aithne agat ar chainteoir eile Gaeilge leis na cáilíochtaí/ alternatively if you know of a fluent Irish speaker that you think have the criteria for this role please share this with them.  Feidhmíonn Hartley People Recruitment laistigh de na caighdeáin eiticiúla is airde laistigh dár dtionscal agus is mór againn an muinín a chuireann tú ionainn nuair a sheolann tú do CV chugainn. Is féidir linn comhairliúcháin iomlán a chur ar fáil faoi chuing rúin agus dearbhaímid nach seolfar do CV chuig aon cheann d’ár gcliaint gan do chead a fháil roimh ré.

Date Added

2047 days ago

Apply